search

Cuisle Mo Chroí - Diarmuid Ó Súilleabháin.lrc

LRC Lyrics download
[00:00.000] 作词 : Traditional/Diarmuid Ó Súilleabháin
[00:00.000] 作曲 : Traditional/Diarmuid Ó Súilleabháin
[00:00.000]‘Do thugas grá cléibh dhuit, a spéirbhean, ó thús,
[00:08.697]Ó leagas mo shúil ar do bhánchnis,
[00:14.215]Is go mb’fhearr liom ná mórchuid den ór atá im phúits,
[00:21.239]Go mbeifeá sa chlúid i dtig am mháithrín,
[00:27.504]Bheadh do mhachaí breá bó ann romhatsa le crú
[00:35.525]Is do leabaidh glan chóirithe ó ló dhuit id rúm,
[00:41.793]Chuirfinn búclaí id bhróga luach corónach is púint,
[00:49.318]Is, a stóirín, ná tabharfá do lámh dom?’
[00:53.832]
[00:55.838]‘Ní thabharfainn mo lámh duit go brách le haon fhonn,
[01:03.864]Mar tá scéal ort ansúd i dtig am mháithrín,
[01:09.634]Go bhfuair sí do thuairisc go suarach ar dtúis
[01:16.153]Go n-ólfá do shúsa i dtigh an tábhairne,
[01:22.423]Is gur mhinic, a stór, ort ó choróin go dtí púnt
[01:30.088]Ag caitheamh do stóir le mná óga gan chlú
[01:36.322]Is tar éis díol le fear ceoil ní bheadh feoirling id phúits
[01:44.349]Is an dóigh leat cé a thabharfadh a lámh duit.’
[01:49.866]
[01:50.116]‘Ná creidse na bréaga go léir atá ar siúl
[01:57.643]Mar is annamh mé ag dul go tigh an tábhairne,
[02:03.165]Tá airgead im phócaí agus mórchuid im thrúnc
[02:10.190]Is níor chaitheas riamh púnt ar aon láthair,
[02:16.713]Beidh a mhalairt de ghnó agam sa bhfómhar atá chughainn,
[02:24.736]’Baint garraithe prátaí is ag cur stácaí ar a mbonn,
[02:30.506]Is mo mhachaí atá lán de bhuaibh bána agus dubha
[02:38.533]Is gan éinne dhá gcrú ach mo mháithrín.’
[02:44.047]
[02:45.051]‘Tá fear siopa in Eochaill is gheobhainn é le fonn,
[02:53.827]Is is dócha gurb é siúd dob fhearr liom,
[02:59.347]A dhíolfadh mo mháistir an ráithe so chughainn
[03:06.369]Is, a Dhia, nach aige siúd ’bheinn im scoláire.’
[03:12.390]Do thógas ar láimh í go lána a bhí cúng,
[03:20.165]Ba ghairid ina dhéidh sin go raibh daorphuins dá thabhairt,
[03:26.938]Dob fhearr í chun glaoite ná éinne sa rúm
[03:33.708]Is do dhíol sí go humhal as a dtáinig.
[03:39.474]
[03:39.726]Ar maidin amárach nuair a d’éirigh an drúcht
[03:47.752]Do scread sí is do liúigh sí ar a máithrín,
[03:53.267]Do fhliuch sí a cuid éadaigh le braonacha súl
[03:59.787]Is do mhóidigh go dtabharfainn an fán di,
[04:06.057]’Riú, dúrtsa léi éisteacht is déanamh go ciúin
[04:13.582]Go raghainn ag díol eornan go hEochaill na long,
[04:19.853]Chuirfinn scataí breá caorach ar an aonach so chughainn,
[04:27.380]Is go bpósfainn í i Londain gan spleáchas.
[04:33.150]
[04:33.651]Do ritheas an bóthar is an cóngar anonn
[04:41.177]Is ní bhfuaras in aon chúinne den tsráid é,
[04:46.696]Go dtánag go suarach fé thuairim a thí
[04:52.718]Is bhí ionadh ar na daoine cá dtánag,
[04:58.489]Dá mhéid mo chuid saothair ní dúirt sé liom suí,
[05:06.763]Ná, ‘Bain díot do chóta go n-ólfair braon dí’,
[05:13.278]Ach an seanduine stuacach ar fhuarma ina shuí
[05:20.049]Is gan ruainne ina phíb ach é cnáideach.
[05:25.315]
[05:26.068]‘’Riú, cár ghaibh na stácaí ’bhí timpeall do thí?
[05:33.343]Nó cár ghaibh do chaoirigh le n-áireamh?
[05:38.861]Nó cár ghaibh an eorna ’bhí in Eochaill le díol?
[05:45.635]Nó cár ghaibh do bha ciardhubha is bána?
[05:52.409]Ó bhíos-sa chomh baoth is gur ghéilleas dod shlí
[06:00.187]Imeoidh an méid sin sa spéir leis an ngaoth,
[06:05.958]Ní phósfainn lem shaol thú dá dtéinn ar an bhflít
[06:12.979]Ach mairfidh mé choíche ar mo shnáthaid.’
text lyrics
作词 : Traditional/Diarmuid Ó Súilleabháin
作曲 : Traditional/Diarmuid Ó Súilleabháin
‘Do thugas grá cléibh dhuit, a spéirbhean, ó thús,
Ó leagas mo shúil ar do bhánchnis,
Is go mb’fhearr liom ná mórchuid den ór atá im phúits,
Go mbeifeá sa chlúid i dtig am mháithrín,
Bheadh do mhachaí breá bó ann romhatsa le crú
Is do leabaidh glan chóirithe ó ló dhuit id rúm,
Chuirfinn búclaí id bhróga luach corónach is púint,
Is, a stóirín, ná tabharfá do lámh dom?’
‘Ní thabharfainn mo lámh duit go brách le haon fhonn,
Mar tá scéal ort ansúd i dtig am mháithrín,
Go bhfuair sí do thuairisc go suarach ar dtúis
Go n-ólfá do shúsa i dtigh an tábhairne,
Is gur mhinic, a stór, ort ó choróin go dtí púnt
Ag caitheamh do stóir le mná óga gan chlú
Is tar éis díol le fear ceoil ní bheadh feoirling id phúits
Is an dóigh leat cé a thabharfadh a lámh duit.’
‘Ná creidse na bréaga go léir atá ar siúl
Mar is annamh mé ag dul go tigh an tábhairne,
Tá airgead im phócaí agus mórchuid im thrúnc
Is níor chaitheas riamh púnt ar aon láthair,
Beidh a mhalairt de ghnó agam sa bhfómhar atá chughainn,
’Baint garraithe prátaí is ag cur stácaí ar a mbonn,
Is mo mhachaí atá lán de bhuaibh bána agus dubha
Is gan éinne dhá gcrú ach mo mháithrín.’
‘Tá fear siopa in Eochaill is gheobhainn é le fonn,
Is is dócha gurb é siúd dob fhearr liom,
A dhíolfadh mo mháistir an ráithe so chughainn
Is, a Dhia, nach aige siúd ’bheinn im scoláire.’
Do thógas ar láimh í go lána a bhí cúng,
Ba ghairid ina dhéidh sin go raibh daorphuins dá thabhairt,
Dob fhearr í chun glaoite ná éinne sa rúm
Is do dhíol sí go humhal as a dtáinig.
Ar maidin amárach nuair a d’éirigh an drúcht
Do scread sí is do liúigh sí ar a máithrín,
Do fhliuch sí a cuid éadaigh le braonacha súl
Is do mhóidigh go dtabharfainn an fán di,
’Riú, dúrtsa léi éisteacht is déanamh go ciúin
Go raghainn ag díol eornan go hEochaill na long,
Chuirfinn scataí breá caorach ar an aonach so chughainn,
Is go bpósfainn í i Londain gan spleáchas.
Do ritheas an bóthar is an cóngar anonn
Is ní bhfuaras in aon chúinne den tsráid é,
Go dtánag go suarach fé thuairim a thí
Is bhí ionadh ar na daoine cá dtánag,
Dá mhéid mo chuid saothair ní dúirt sé liom suí,
Ná, ‘Bain díot do chóta go n-ólfair braon dí’,
Ach an seanduine stuacach ar fhuarma ina shuí
Is gan ruainne ina phíb ach é cnáideach.
‘’Riú, cár ghaibh na stácaí ’bhí timpeall do thí?
Nó cár ghaibh do chaoirigh le n-áireamh?
Nó cár ghaibh an eorna ’bhí in Eochaill le díol?
Nó cár ghaibh do bha ciardhubha is bána?
Ó bhíos-sa chomh baoth is gur ghéilleas dod shlí
Imeoidh an méid sin sa spéir leis an ngaoth,
Ní phósfainn lem shaol thú dá dtéinn ar an bhflít
Ach mairfidh mé choíche ar mo shnáthaid.’